Seán Máirtín


Seán Máirtín An Charraig Dhubh, Contae Átha Cliath / Cill Chuáin, An Daingean, Contae Chiarraí. Go suaimhneach faoi shárchúram Newtownpark House. Céile ionúin Chaitlín (nach maireann). Athair grámhar Finín, Caoimhe, Máire, Muireann agus Siobhán. Cúis mhór bróin a bhás dá chlann, dá bhanchliamhain Avila, dá gharchlann Feargal (agus a bhean Ali), Eimear, Cliona (agus Luke), dá chlann gharchlainne Con agus Éabha, dá ghaolta, dá chairde agus dá chomharsana dílse.

Ar dheis lámh Dé go raibh a anam dílis.

Beidh sé á thórramh i dtigh tórraimh Massey Bros Páirc an Bhaile Nua, An Charraig Dhubh, A94 X308 ó 4:00 go dtí 6:00 Dé hAoine, 6 Deireadh Fómhair. Ceiliúrfar Aifreann sochraide Sheáin i Séipéal Pharóiste Charraig an tSionnaigh ag 10:00 Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair agus déanfar é a adhlacadh i Reilig Ghráinseach an Déin i ndiaidh an Aifrinn. Is féidir leo siúd nach bhfuil ar a gcumas a bheith i láthair páirt a ghlacadh ar líne ag anseo.

Iarrtar ar dhaoine gan bláthanna a thabhairt ach síntiús, más mian, do Chumann Naomh Uinseann de Pól.

Ceiliúrfar Aifreann Cuimhneacháin Míosa Sheáin i Séipéal na Carraige, Ciarraí.

Is féidir teachtaireacht chomhbhróin a fhágáil, más mian, thíos.

“Ní imithe uainn ach imithe romhainn”

Seán Máirtín, Blackrock, County Dublin / Cill Chuáin, Dingle, County Kerry. Peacefully in the tender loving care of Newtownpark House. Beloved husband of the late Caitlín. Loving father of Finín, Caoimhe, Máire, Muireann and Siobhán. Very sadly missed by his children, his daughter-in-law Avila, his grandchildren Feargal (and his wife Ali) , Eimear, Cliona (and Luke), and his great grandchildren Con and Éabha, his relatives, his friends and his loyal neighbours.

May his gentle soul rest in the peace of God.

Reposing at Massey Bros Funeral Home, 5 Newtown Park, Blackrock, A94 X308 from 4:00 to 6:00 Friday, 6th October. Seán’s funeral Mass will be celebrated in the Church of Our Lady of Perpetual Succour, Foxrock at 10:00am on Saturday, 7th October with burial afterwards in Deansgrange Cemetry. For those who cannot attend Seán’s funeral, the Mass may be viewed by clicking here.

No flowers please but donations if desired to The Society of St. Vincent de Paul.

“Ní imithe uainn ach imithe romhainn”.

All enquiries to Massey Bros., Blackrock on (01) 280 4454.

Leave a message of condolence for Seán Máirtín

Previous
Previous

Kathleen Corcoran (née Keady)

Next
Next

Catherine White